Cathal Ó Searcaigh - Laoch tite
Go raibh maith agat a Chathal!
Ní haon chabhair tú don Ghaeilge fé láthair.
Seas suas …. agus adhmháil an méid a rinne tú sa Nepal. Na blianta a chaith tú ag scríobh filíocht agus an dearcadh dearfach a thug tú don Ghaeilge …. tá sé sin go léir imithe anois.
If you're new here, you may like to subscribe to my RSS feed. Thanks for visiting!



Breitheamh, giúire is crochadóir

Ó Searcaigh féin is cúis leis an cinneadh sin …
An phríomh phoinnte a bhí agam ná gur droch shampla é don Ghaeilge anois …. na blianta a chaith sé ag cur an Ghaeilge chun cinn ní fiú anois iad.
Muna bhfuil aon rud mícheart déanta aige cén fáth a bhfuil sé i bhfolach fé láthair?
Mheall sé buachaillí óga le hairgead, éadaí is rothair. An bhfuil sé sin ceart?
Cén fáth a raibh air dul go Nepal chun bualadh le buachaillí den aois sin? Chuaigh sé ann toisc go bhfuil sé i gcoinne an dlí anseo. Feicim go bhfuil teagmháil idir na Gardaí agus Interpol fén eachtra.
Má thá sé neamhchiontach …. cá bhfuil se?
Tá tú ag cur ceisteanna anois ar cheart duit iad a chur roimh shocrú do chuid smaointe.
Cogar: cé air a chuirfidh tú na ceisteanna
Lucht na meán cumarsáide

Ní gá dom ceisteanna a chur …. tá na feagraí tugtha dúinn!
Cathal féin a chuir na ceisteanna agus Cathal féin a thug na freagraí dúinn.
An nóiméad a d’oscail sé a shaol sa scannán ‘Fairytale of Kathmandu’ le Neasa Ní Cheanáin …. sin an nóiméad a cuireadh na ceisteanna agus sin an nóiméad ar tugadh cead dúinn ról an bhriethimh a ghlacadh nuair a chonaiceamar na fregraí go soiléir os ár gcomhair.
Arís …. cá bhfuil sé?
“Cathal féin a thug na freagraí dúinn.”
Cad dúirt sé
Féach ar an scannán. Tá freagraí ann.
Ní fhéachfaidh mé air.
Ní spéis dom bolscaireacht lucht scannán
Is fiú féachaint air ….
Ós rud é go bhfuil sé amuigh air gur triall trí theilifís é, ní bhacfaidh mé leis
Má chuirtear dlí is cúirt ar an bhfile, féachfaidh mé ar an gclár teilifíse ina dtaobh san
Domsa is teachtaire na meáin, ní breitheamh
É féin a chur é féin ar thriall trí mheán na teilifíse ….
ach ní raibh sé ag súil leis an toradh diúltach a bhí leis.
Tá alán rudaí soiléir domsa ón gclár ….
D’fhéadfaimís a bheith ag argóint an scéal go deireadh an saoil ach tá mo thuairmí agamsa agus tá do thuairmí agatsa.
D’fhéach mé ar an gclár agus tá mé céad fán gcéad sásta le mo chinneadh ….. agus anseo i mo chuid den idirlíon …. mise an bhreitheamh, an giúiré agus an crochadóir.